zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
15 June 2026
Caoimhe Ní Chonchille ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
15 June 2026
Andy Caomhánach Fear na Riomhairí agus Diarmuid Ua Bruadair príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire.
D’fhógair an Ríocht Aontaithe ar maidin go bhfuil siad le cosc a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi 16 bliana d’aois ó thús na bliana seo chugainn.
13 min
15 June 2026
Joe Ó Dúgáin as Doire Chonaire ó dhúchas.
Beidh Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl ag an deireadh seachtaine agus labhair Joe Ó Dúgáin as Doire Chonaire ó dhúchas, fear a thaisteal abhaile as Glaschú don rallaí agus a bhfuil suim mhór aige sa rallaí, labhair sé linn faoin suim atá aige ann.
15 min
15 June 2026
Caoimhín Ó Casaide, Danny Ó Dónaill agus Emer Ní Ghallachóir.
Tá Caoimhín Ó Casaide, Danny Ó Dónaill agus Emer Ní Ghallachóir linn ar maidin le cluichí an deireadh seachtaine a phlé agus le tarraingt na maidine de bhabhta 3 de Chraobh na hÉireann a phlé fosta.
13 min
12 June 2026
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Labhair Piaras faoin scéal is deireanaí faoin druga Givinostat, druga atá de dhíth go cruaidh ar bheirt pháiste anseo i nDún na nGall agus páistí agus daoine fásta eile ar fud an stáit.
8 min
12 June 2026
Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Cluain na dTor.
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Labhair Deirdre inniu faoin chaor throim, raidis agus an Lus Mór inniu.
10 min
12 June 2026
Cathal Mac Giolla Easbuig.
Phill Cathal anuraidh i ndiaidh dó a bheith ar shiúl as baile ar feadh seal agus tá gnó úr bunaithe aige, Stiúideó Ghlór na Gaoithe.
11 min
12 June 2026
An Chomhairleoir Contae Mícheal Cholm Mac Giolla Easbuic.
Tá sé tugtha le fios ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta go leanfar ar aghaidh leis an tseirbhís naíonra i mBaile na Finne i Meán Fómhair na bliana seo.
4 min
12 June 2026
Emer Ní Ghallachóir an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Dún na nGall.
Cuirfidh mná Dhún na nGall tús lena bhfeachtas craoibhe i gCraobh na hÉireann amárach nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus tá Emer linn le súil chun cinn a chaitheamh ar an chluiche sin agus cuid de na cluichí eile a bheas ar siúl.
3 min
12 June 2026
Caoimhín Ó Casaide an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Dún na nGall.
Imreofar cluichí i mBabhta 2A agus 2B i gCraobh Peile na bhFear an deireadh seachtaine seo agus tá Caoimhin linn le plé a dhéanamh ar na cluichí sin.
5 min